BaileEolas StairiúilIarThaoisigh

IarThaoisigh

 

Tabhair ar aird:

Le linn Shaorstát na hÉireann, 6ú Nollaig 1922 – 29ú Nollaig 1937, tugadh Uachtarán an Fheidhmeannais ar Cheannaire an Rialtais.

William T. Cosgrave

W T Cosgrave image

(Rugadh i mBaile Átha Cliath é, 1880-1965) Bhí sé ina chéad Uachtarán ar Chomhairle Fheidhmeannas Shaorstát Éireann (Meán Fómhair 1922 Márta 1932). Tar éis dó dul isteach in Óglaigh na hÉireann i 1913, throid sé faoi cheannas Éamonn Ceannt in Éirí Amach 1916. Bhí sé mar Fheisire Parlaiminte do Shinn Féin i gCill Chainnigh sa bhliain 1918. Bhí sé ina bhall den chéad Dáil mar Aire Rialtais Áitiúil. Thacaigh sé leis an gConradh Angla-Éireannach 1921, agus déirigh leis a bheith mar cheannaire ar rialtas Chumann na nGael, nuair a scoir Sinn Féin tar éis Conradh 1921 a shíniú. Dfheidhmigh sé seal i 1924 mar Aire Airgeadais agus Aire Cosanta. I ndiaidh bhualadh Chumann na nGael in Olltoghchán 1932, bhí sé i gceannas ar an bhfreasúra i nDáil Éireann. I 1945 déirigh sé as an bpolaitíocht.

Éamon de Valera

Eamon De Valera image

(Rugadh i Nua Eabhrac é, 1882-1975). Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913. Ba cheannfort é in Éirí Amach 1916 le seilbh ar Mhuileann Boland. Cuireadh armchúirt air agus daoradh chun báis é. Athraíodh an daorbhreith, áfach, go príosúnacht saoil. Scaoileadh saor é sa bhliain 1917 tar éis dó faoiseamh a fháil. Ansin roghnaíodh mar iarrthóir toghcháin do Shinn Féin in Oirthear an Chláir é. Ceapadh mar Uachtarán ar Shinn Féin é sa bhliain 1917. I mBealtaine 1917 cuireadh i bpríosún i Lincoln é, de bharr páirt a ghlacadh in eagrú an léirsithe phoiblí in aghaidh shíneadh coinscríofa Rialtas na Breataine go hÉireann. Déalaigh sé ó phríosún Lincoln agus ar an gcéad lá dAibreán 1919, toghadh daon ghuth mar Uachtarán , ar an gCéad Dáil é. Bhí sé glan i gcoinne Chonradh Angla-Éireannach 1921. I 1926 bhunaigh sé an páirtí Fianna Fáil. I 1932 ceapadh mar Uachtarán ar Comhairle an Fheidhmeannais é. Tar éis sé bliana déag sa rialtas, vótáladh as oifig é sa bhliain 1948 ach dfhill sé do dhá théarma eile mar Thaoiseach (1951-54 agus 1957-59). I 1959 toghadh mar Uachtarán na hÉireann é agus toghadh arís é i 1966 ar feadh tréimhse seacht mbliana eile.

John A Costello

John A. Costello image

(Rugadh i mBaile Átha Cliath é, 1891-1976). Bhí sé mar Ard-Aighne ó 1926 go 1932. I 1948 iarradh air a bheith mar Thaoiseach ar an gcéad rialtas idirpháirtí in Éirinn (i measc na bpáirtithe bhí: Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Clann na Talún, agus Clann na Poblachta). Lean an rialtas seo in oifig go dtína lánscor don pharlaimint i mBealtaine 1951. Bhí sé ina cheannaire arís ar an gComhrialtas i 1954 (leis na páirtithe céanna thuasluaite ann), a scoireadh i 1957. 

Seán Lemass

Sean Lemass image

(Rugadh i mBaile Átha Cliath é, 1899-1971). Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann nuair a bhí sé cúig bliana déag daois. Ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916; imthreorannaíodh sa bhliain 1921 é i gCampa Bhaile Coinnleora. Bhí sé i gcoinne Chonradh Angla-Éireannach 1921. Throid sé sa Chogadh Cathartha agus imthreoannaíodh é i gCampa an Churraigh agus i bPríosún Mhuinseó ó Nollaig 1922 go Nollaig 1923. I 1925 ceapadh mar theachta do Shinn Féin i mBaile Átha Cliath é. Duine de bhunaitheoirí an pháirtí Fianna Fáil é; bhí sé ina Aire Tionscail agus Tráchtála ó 1932 go 1948. Bhí sé ina Aire Solatháir le linn na hÉigeandála. Ceapadh mar Thánaiste sa bhliain 1945 é. I 1959 tháinig sé i gcomharbacht ar de Valera mar Thaoiseach. Lean sé in oifig go dtí gur éirigh sé as a phost i mí na Samhna 1966. 

Jack Lynch

Jack Lynch image

(Rugadh i gCorcaigh é, 1917-1999) toghadh mar theachta ar Fhianna Fáil i gCathair Chorcaí i 1948 é. Bhí sé ina Aire Talún ó 1951 go 1954: Aire na Gaeltachta i 1957, Aire Oideachais 1957-1959, Aire Tionscail agus Tráchtála 1959-1965, Aire Airgeadais 1965-1966. I 1966 ceapadh mar Thaoiseach agus mar Cheannaire ar Fhianna Fáil é, poist a choinnigh sé go dtí Márta 1973. In Olltoghchán 1977 threoraigh sé Fianna Fáil go hollbhua agus bhí sé ina Thaoiseach arís go 1979, nuair a déirigh sé as oifig as a chonlán féin. 

Liam Cosgrave

Liam Cosgrave image

(Rugadh i mBaile Átha Cliath é, 1920- ) mac le W.T. Cosgrave é, toghadh chun na Dála é sa bhliain 1943. Ghlac sé páirt i Rialtais Idirpháirtí na mblianta 1948 agus 1954 (i measc na bpáirtithe bhí: Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Clann na Talún, agus Clann na Poblachta), mar Runaí Parlaiminte an Taoisigh agus Aire Tionscail agus Tráchtála (1948). Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1954 go 1957. I 1966 ceapadh mar Cheannaire ar Fhine Gael é. Bhí sé ina Thaoiseach agus ina Cheannaire Comhrialtais (Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre) ó 1973 go 1977, nuair a déirigh sé as mar cheannaire ar a chonlán féin. 

Charles J. Haughey

Charles J. Haughey image

(Rugadh i Maigh Eo é, 1925- 13ú Meitheamh 2006) chuaigh sé isteach i bhFianna Fáil i 1948. Sheas sé i ndáilcheantair éagsúla agus bhí sé ina Rúnaí Parlaiminte ag an Aire Dlí agus Cirt ó 1960 go 1961. Rinneadh Aire Dlí agus Cirt de i 1961. Bhí sé mar Aire Talmhaíochta agus Iascaireachta ó 1964-1966 agus mar Aire Airgeadais ó 1966 go 1970. Bhí sé sa fhreasúra ó 1975 go 1977 agus i Meitheamh 1977, ceapadh mar Aire Sláinte agus Leasa Sóisialaigh é. Ar an 11ú Nollaig 1979, tháinig sé i gcomharbacht ar Jack Lynch mar Thaoiseach agus mar Cheannaire ar pháirtí Fhianna Fáil, go dtí Meitheamh 1981. Bhí sé mar Thaoiseach arís ó Mhárta 1982 go Nollaig 1982 agus ó Mhárta 1987 go Feabhra 1992. Ar an 12ú Iúil 1989 threoraigh sé Fianna Fáil isteach ina chéad chomhrialtas (leis an bPártí Daonlathach). Déirigh sé as oifig i 1992. 

Garret Fitzgerald

Garrett Fitzgerald

(Rugadh i mBaile Átha Cliath é, 1926-) bhí sé ina Sheanadóir i 1965. Toghadh é mar theachta dFhine Gael do Bhaile Átha Cliath Thoir Theasi 1969 agus bhí sé ina urlabhraí oideachais don fhreasúra (1969-1972) agus ina urlabhraí airgeadais (1972-1973). Ceapadh mar Aire Gnóthaí Eachtracha i gcomhrialtas 1973 é (Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre). Toghadh mar cheannaire ar Fhine Gael i 1977 é. Bhí sé mar Thaoiseach ó 30ú Meitheamh 1981 go 9ú Márta 1982 agus arís ón 14ú Nollaig 1982 go 10ú Márta 1987. I 1992 déirigh sé as an bpolaitíocht. 

Albert Reynolds

Albert Reynolds image

(Rugadh i Ros Comáin é, 1932-) Chuaigh sé leis an bpolaitíocht náisiúnta i 1977 mar iarrthóir dFhianna Fáil. Bhí sé ina Aire Tionscail agus Fuinnimh ó Mhárta go Nollaig 1982. Ó 1979 go 1981 bhí sé ina Aire Poist agus Teileagraif agus ina Aire Iompair. Bhí sé mar Aire Tionscail agus Fuinnimh i 1982 agus ina Aire Tionscail agus Tráchtála i 1987. I 1988 ceapadh mar Aire Airgeadais é agus dfhan sé san oifig sin go dtí Feabhra 1992, nuair a toghadh mar Thaoiseach é. Déirigh sé as oifig mar Thaoiseach i Nollaig 1994. 

John Bruton

John Bruton

(Rugadh i mBaile Átha Cliath é, 1947-) toghadh chun na Dála é mar ionadaí na Mí i 1969. Bhí sé ina Rúnaí Parlaiminte ag an Aire Oideachais ó 1973 go 1977 agus ag an Aire Tionscail agus Tráchtála ó 1975 go 1977. Bhí sé ina Aire Airgeadais ó Mheitheamh 1981 go Márta 1982 agus ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta ó 1983 go 1986. Ó Fheabhra 1986 go Márta 1987 bhí sé ina Aire Airgeadais agus ó Eanáir 1987 go Márta 1987, bhí sé ina Aire Seirbhíse Poiblí. Toghadh mar Thaoiseach an Chomhrialtais ( Fine Gael, An Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé) 1994-1997 é. Vótáladh as oifig é ar an 31ú Eanáir 2001.

Bertie Ahern

Bertie Ahern

(Rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 12 Meán Fómhair 1951). Rinne sé a chuid meánscolaíochta i Scoil Aodháin, Fionnbhrú, agus lean sé den staidéar sa Choláiste Tráchtála i Ráth Maoinis. Toghadh chun na Dála an chéad uair é sa bhliain 1977 agus atoghadh é ag gach toghchán ó shin. Rinne sé fónamh mar Aoire Cúnta idir an bhliain 1980 agus an bhliain 1981. Ceapadh ina Aire Stáit ina dhiaidh sin é i Roinn an Taoisigh, ina Phríomh-Aoire ag an Rialtas, agus sa Roinn Cosanta.Ba é Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath é idir an bhliain 1986 agus an bhliain 1987. Bhí sé ina Aire Saothair idir an bhliain 1987 agus an bhliain 1991. Rinne sé fónamh ina Aire Airgeadais idir an bhliain 1991 agus an bhliain 1994. Ar an 19 Samhain 1994, toghadh ina cheannaire é ar pháirtí Fhianna Fáil. Tar éis Olltoghchán na bliana 1997, toghadh Parthalán Ó hEachthairn ina Thaoiseach, an t-aonú duine déag sa phost sin. D'éirigh sé as oifig ar an 6 Bealtaine 2008.

 

Brain Ó Comhain

Brian Cowen

Is i gClóirtheach i gCo. Uíbh Fhailí a rugadh Brain Ó Comhain an 10ú Eanáir 1960. Is i Scoil Náisiúnta Chlóirthigh agus i gColáiste Cistéirseach Mount St. Joseph i Ros Cré a fuair sé a chuid oideachais. Chuaigh sé le dlí sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus bhí sé ina aturnae ó Dheireadh Fómhair 1983 go dtí gur déanadh Aire Rialtais de in 1992. In 1984 a toghadh go Dáil Éireann ar dtús é i bhfo-thoghchán a tharla nuair a bhásaigh a athair agus ba é an comhalta ab óige sa 24ú Dáil é ag aois 24 bliain d'aois.

Ceapadh ina Aire Saothair i mí Feabhra 1992 é agus bhí sé ina Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ó Eanáir 1993 go Nollaig 1994. Ceapadh ina Aire Sláinte i mí Meithimh 1997 é agus bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha ó Eanáir 2000 go Meitheamh 2002. D'fhan sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha i ndiaidh Olltoghchán 2002, nó gur ceapadh ina Aire Airgeadais é i Meán Fómhar 2004. Ceapadh ina Thánaiste é i ndiaidh Olltoghchán 2007 agus bhí sé ina Aire Airgeadais ó Mheitheamh 2007 go dtí Bealtaine 2008.

Nuair a d'éirigh Bertie Ahern as, rinneadh Taoiseach de Brain Ó Comhain, an 12ú Taoiseach ar Éirinn, an 7ú Bealtaine 2008 agus d'fhóin sé ina Thaoiseach go dtí 9ú Márta 2011.

Éanna Ó Coinnigh

Nuashonrófar an leathanach seo go luath.