BaileEolas StairiúilAn tAmhrán Náisiúnta

An tAmhrán Náisiúnta

 

Scríobh Peadar Ó Ceithearnaigh, uncail le Brendan Behan, an t-amhrán náisiúnta, ar a dtugtar Amhrán na bhFiann, i 1907. Ba sa nuachtán, Saoirse, a chéad fhoilsíodh é i 1912, ach ba bheag cur amach a bhí air go dtí gur casadh é ag Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916. 

Glacadh leis an gcurfá mar Amhrán Náisiúnta na hÉireann i 1926. 

The Soldier’s SongAmhrán na bhFiann

We'll sing a song, a soldier's song,

With cheering rousing chorus,

As round our blazing fires we throng,

The starry heavens o'er us;

Impatient for the coming fight,

And as we wait the morning's light,

Here in the silence of the night,

We'll chant a soldier's song.

Chorus:

Soldiers are we

whose lives are pledged to Ireland;

Some have come

from a land beyond the wave.

Sworn to be free,

No more our ancient sire land

Shall shelter the despot or the slave.

Tonight we man the gap of danger

In Erin's cause, come woe or weal

'Mid cannons' roar and rifles peal,

We'll chant a soldier's song.

 

In valley green, on towering crag,

Our fathers fought before us,

And conquered 'neath the same old flag

That's proudly floating o'er us.

We're children of a fighting race,

That never yet has known disgrace,

And as we march, the foe to face,

We'll chant a soldier's song.

Chorus

 

Sons of the Gael! Men of the Pale!

The long watched day is breaking;

The serried ranks of Inisfail

Shall set the Tyrant quaking.

Our camp fires now are burning low;

See in the east a silv'ry glow,

Out yonder waits the Saxon foe,

So chant a soldier's song.

Chorus 

Seo díbh a chairde duan óglaigh,

Caithréimeach bríomhar ceolmhar,

Ár dtinte cnámh go buacach táid,

'S an spéir go mín réaltógach

Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo

'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló

Faoi chiúnas chaomh na hoíche ar seol:

Seo libh canaigí Amhrán na bhFiann. 

Curfá:

Sinne Fianna Fáil

Atá faoi gheall ag Éirinn,

Buíon dár slua

Thar toinn do ráinig chugainn.

Faoi mhóid bheith saor,

Seantír ár sinsir feasta

Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráil

Anocht a théim sa bhearna baoil,

Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil

Le gunnascréach faoi lámhach na bpiléar

Seo libh canaigí Amhrán na bhFiann.

 

Cois bánta réidh, ar arda sléibhe,

Ba bhuach ár sinsir romhainn,

Ag lámhach go tréan faoin sárbhrat séin

Tá thuas sa ghaoth go seolta

Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh

Gan iompáil siar ó imirt áir,

'S ag siúl mar iad i gcoinne namhad

Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann.

Curfá

 

A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall,

Sin breacadh lae na saoirse,

Ta sceimhle 's scanradh i gcroíthe namhad,

Roimh ranna laochra ár dtíre.

Ár dtinte is tréith gan spréach anois,

Sin luisne ghlé san spéir anoir,

'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:

Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann.

Curfá

Is féidir leat éisteacht le Banna Ceoil an Airm ag casadh Amhrán na bhFiann (thíos). Éilíonn sé seo Real Player a bheith ar do ríomhaire. Is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil anseo.

Más mian leat an fonn a sheinm ar uirlis cheoil, is féidir leat an ceol a léamh ar an gcomhad atá faoi iamh.

Castar blúire d'Amhrán na bhFiann (an chéad cheithre bharra agus na cúig cinn dheireanacha) mar Chuirtéis don Uachtarán.

Má tá ríomhaire oiriúnach agat is féidir leat é a chasadh anois. Cliceáil ar an gceangaltán seo.

Related Files: