BaileEolas StairiúilAn Brat Náisiúnta

An Brat Náisiúnta

 

Is éard atá i mbrat náisiúnta na hÉireann ná brat trídhathach, eadhon glasuaithe, bán agus flannbhuí. Tá an brat dhá oiread níos leithne ná a airde. Tá na trí dhath ar chóimhéid agus bíonn an glasuaithe in aice le maide an bhrait.

Thug Thomas Francis Meagher an brat isteach don chéad uair riamh i 1848 bunaithe ar bhrat trídhathach na Fraince. Seasann an dath glasuaithne do thraidisiúin ársa na nGael agus seasann an dath flannbhuí do lucht tacaíochta Liam Oráiste. Seasann an dath bán idir eatarthu do shíocháin bhuan idir an 'Flannbhuí' agus an 'Glasuaithne'.

Ní raibh an brat trídhathach mar bhrat náisiúnta go dtí Éirí Amach 1916, nuair a cuireadh ar foluain é os cionn Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.

Tá aitheantas bainte amach aige i mBunreacht na hÉireann anois.

Related Files: