Beartas Príobháideacht

 

Tugann an Roinn urraim do chearta a cuid úsáideoirí agus, tríd is tríd, ní bhailíonn sí eolas nó faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Nuair a chuireann úsáideoir eolas pearsanta ar fáil ar bhonn saorálach mar fhreagairt ar cheistneoir nó ar shuirbhé, is chun críocha taighde nó anailíse amháin a bhainfear úsáid as.

I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon eolas pearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn eolas staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. Féadfaidh sé go mbeidh na nithe seo a leanas ar áireamh san eolas sin:

  • Seoladh loighciúil an tseirbheálaí atá tú a úsáid
  • An t-ainm domhnais uasleibhéil óna mbíonn teacht agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
  • An cineál brabhsálaí atá tú a úsáid
  • An dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán
  • An seoladh idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán

Baintear úsáid as cuid den eolas sin thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena bhfágtar an deis againn teacht ar an líon cuairteoirí ar ár láithreán, na leathanaigh sin is minice a dhírítear orthu a aithint agus, tríd is tríd, le cuidiú linn ár láithreán a dhéanamh níos furasta a úsáid.

 

Úsáid Anailíseacha Google

Baineann an láithreán gréasáin seo úsáid as Anailíseach Google, seirbhís anailíseach gréasáin a chuireann Google, Inc. (Google) ar fáil. Baineann Anailíseacha Google úsáid as "fianáin", téacschomhaid a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an láithreán gréasáin anailísiú a dhéanamh ar conas a úsáideann úsáideoirí an láithreán. Tarchuirfear an t-eolas a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) chuig freastalaithe Google sna Stáit Aontaithe agus stóráltar ansin é. Bainfidh Google úsáid as an eolas sin chun meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, tuarascálacha a thiomsú ar ghníomhaíocht láithreán gréasáin d'oibritheoirí láithreán gréasáin agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht láithreán gréasáin agus úsáid idirlín a sholáthar. Féadfaidh Google an t-eolas sin a aistriú chuig tríú páirtithe nuair a éilíonn an dlí sin nó nuair a phróiseálann tríú páirtithe an t-eolas thar ceann Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá á choimeád ag Google. Féadfaidh tú diúltú d'úsáid fianán trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair ar aird le do thoil, má dhéanann tú sin nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an láithréain gréasáin a úsáid. Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin seo, tá tú ag tabhairt cead do Google sonraí fút a phróiseáil sa tslí agus chun na gcríoch atá leagtha amach thuas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin usáid a bhaineann Google Analytics as fianáin ag: http://www.google.com/analytics/learn/privacy.html

Tá tuilleadh eolais faoin Forlíontán Scar-Rogha do Bhrabhsálaí ó Google Analytics anseo.